1. Tháinig sé isteach go hIericó agus bhí sé ar a bhealach tríd.
2. Agus bhí fear ann a raibh Sacéus mar ainm air; bhí sé ina ardbhailitheoir cánacha, agus é saibhir.
3. Bhí sé ag iarraidh a fheiceáil cén sórt é Íosa, ach theip air de dheasca an tslua, ó bhí sé beag íseal.
4. Mar sin rith sé píosa ar aghaidh agus chuaigh sé suas i gcrann fige le radharc a fháil air, ó bhí sé le bheith ag teacht an tslí úd.
5. Agus nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, d'fhéach sé suas air agus dúirt sé leis, “A Shacéuis, déan deifir agus tar anuas, mar tá rún agam an lá inniu a chaitheamh i do theachsa.”
6. Tháinig sé anuas faoi dheifir mar sin agus áthas air le fáilte a fhearadh roimhe.
7. Agus nuair a chonaic siad é bhí siad uile ag clamhsán agus á rá, “Tá sé i ndiaidh glacadh le cuireadh ó fhear atá ina pheacach.”
8. Agus d'éirígh Sacéus go ndúirt sé leis an Tiarna, “Féach, a Thiarna, tugaim leath mo mhaoine do na boicht; agus más rud é gur bhain mé aon ní d'aon duine go héagórach, tugaim a cheithre oiread ar ais dó.”
9. Agus arsa Íosa leis, “Is inniu a tháinig an slánú go dtí an teach seo, mar is mac d'Abracham é seo chomh maith le duine.
10. Mar tá Mac an duine tar éis teacht lena bhfuil caillte a chuardach agus a chaomhnú.”
11. Nuair a bhí siad ag éisteacht leis sin, thosaigh sé ar insint fáithscéil, ó bhí sé féin cóngarach do Iarúsailéim agus ó bhí siadsan ag meas go nochtfaí ríocht Dé gan mhoill.