Tiomna Nua

Lúcás 18:26-42 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Arsa an dream a chuala sin, “Cé is féidir a shlánú mar sin?”

27. Ach dúirt seisean, “An ní is dodhéanta do dhaoine is sodhéanta do Dhia é.”

28. Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.”

29. Agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, nach bhfuil fear ann a thréig a theach nó a bhean nó a dheartháireacha nó a thuismitheoirí nó a chlann, mar mhaithe le ríocht Dé,

30. nach bhfaighidh mórán níos mó ar an saol seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

31. Agus ghlac sé an dáréag go ndúirt sé leo, “Féach, táimid ag dul go hIarúsailéim, agus comhlíonfar ar scríobh na fáithe i dtaobh Mhac an duine.

32. Mar tabharfar i lámha na nGintlithe é, agus beifear ag magadh faoi agus á náiriú agus ag caitheamh seile air;

33. sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.”

34. Ach níor thuig siad aon fhocal den chaint sin; ceileadh orthu é agus ní raibh breith acu ar a ndúradh.

35. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce;

36. agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar cois.

37. Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.”

38. Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”

39. Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach b'amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”

40. Sheas Íosa, agus d'ordaigh é a thabhairt chuige; agus nuair a tháinig sé i ngar dó, d'fhiafraigh sé de,

41. “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Ar seisean, “A Thiarna, radharc mo shúl a fháil.”

42. Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18