Tiomna Nua

Lúcás 18:24-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. D'fhéach Íosa air agus dúirt sé, “Cad é chomh crua leis, lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!

25. Is fusa do chamall siúl trí chró snáthaide ná d'fhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”

26. Arsa an dream a chuala sin, “Cé is féidir a shlánú mar sin?”

27. Ach dúirt seisean, “An ní is dodhéanta do dhaoine is sodhéanta do Dhia é.”

28. Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.”

29. Agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, nach bhfuil fear ann a thréig a theach nó a bhean nó a dheartháireacha nó a thuismitheoirí nó a chlann, mar mhaithe le ríocht Dé,

30. nach bhfaighidh mórán níos mó ar an saol seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”

31. Agus ghlac sé an dáréag go ndúirt sé leo, “Féach, táimid ag dul go hIarúsailéim, agus comhlíonfar ar scríobh na fáithe i dtaobh Mhac an duine.

32. Mar tabharfar i lámha na nGintlithe é, agus beifear ag magadh faoi agus á náiriú agus ag caitheamh seile air;

33. sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.”

34. Ach níor thuig siad aon fhocal den chaint sin; ceileadh orthu é agus ní raibh breith acu ar a ndúradh.

35. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce;

36. agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar cois.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18