Tiomna Nua

Lúcás 18:2-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine;

3. agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’

4. D'eitíodh sé í ar feadh tamaill; ach ina dhiaidh sin dúirt sé ina chroí leis féin, ‘Cé nach mbíonn eagla orm roimh Dhia ná aird agam ar dhuine,

5. bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’”

6. Agus dúirt an Tiarna, “Éistigí leis an méid seo a deir an breitheamh éagórach.

7. Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?

8. Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?”

9. D'inis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile.

10. “Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha.

11. Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo.

12. Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’

13. Ach d'fhan an bailitheoir cánacha i bhfad amach, gan oiread agus a shúile a ardú i dtreo neimhe, agus ina áit sin bhuail sé a ucht, agus dúirt sé, ‘A Dhia, bíodh trócaire agat ormsa atá i mo pheacach!’

14. Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.”

15. Bhíodar ag tabhairt go fiú na leanaí beaga chuige go gcuirfeadh sé a lámh orthu; agus nuair a chonaic na deisceabail é sin, chros siad orthu é.

16. Ach ba é rud, ghlaoigh Íosa chuige iad, agus dúirt sé, “Ligigí do na páistí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc orthu; óir is lena leithéidí sin ríocht Dé.

17. Deirim go fírinneach libh, mura nglacann duine le ríocht Dé ar nós páiste, ní rachaidh sé isteach inti ar chor ar bith.”

18. Agus d'fhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?”

19. Agus dúirt Íosa leis, “Cad chuige a dtugann tú maith ormsa? Níl maith ach Dia ina aonar.

20. Is feasach duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas, ná dúnmharú, ná goid, ná fianaise bhréige. Tabhair, onóir do d'athair agus do do mháthair.’”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18