Tiomna Nua

Lúcás 18:1-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Agus d'inis sé fáithscéal dóibh, le múineadh dóibh gur chóir dóibh bheith ag guí i gcónaí gan a misneach a chailleadh.

2. Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine;

3. agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’

4. D'eitíodh sé í ar feadh tamaill; ach ina dhiaidh sin dúirt sé ina chroí leis féin, ‘Cé nach mbíonn eagla orm roimh Dhia ná aird agam ar dhuine,

5. bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’”

6. Agus dúirt an Tiarna, “Éistigí leis an méid seo a deir an breitheamh éagórach.

7. Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?

8. Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?”

9. D'inis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile.

10. “Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha.

11. Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18