Tiomna Nua

Lúcás 15:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhíodh na bailitheoirí cánacha agus na peacaigh uile ag teacht chuige le bheith ag éisteacht leis.

2. Agus bhíodh na Fairiséigh agus na scríobhaithe ag fáil locht air, á rá faoi, “Bíonn fáilte ag an bhfear seo roimh na peacaigh agus bíonn sé ag ithe ina gcuideachta.”

3. Thug sin air an fáithscéal seo a insint dóibh:

4. “Cén fear agaibh a bhfuil céad caora aige, agus é i ndiaidh aon chaora amháin acu a chailleadh, nach bhfágann na naoi gcaora agus nócha ina dhiaidh san fhásach, agus nach dtéann ar lorg na haon chaorach amháin a cailleadh go dtí go bhfaigheann sé í?

5. Agus nuair a fhaigheann sé í, tógann sé ar a dhá ghualainn í agus lúcháir air.

6. Agus nuair a thagann sé abhaile, cruinníonn sé le chéile a chairde agus a chomharsana, agus deir sé leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an chaora a bhí caillte agam a fháil arís.’

7. Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna ar neamh, agus gur mó an lúcháir a dhéanfar faoi aon pheacach amháin a dhéanfas aithrí ná faoi naoi bhfíréan agus nócha nach mbíonn gnó acu le haithrí.

8. “Nó cé hí an bhean a bhfuil deich mbonn airgid aici, agus a chailleas aon bhonn amháin acu, nach lasann lampa agus nach dtéann a scuabadh an tí agus a chuardach ar a seacht ndícheall go dtí go bhfaigheann sí é.

9. Agus nuair a thagann sí air, cruinníonn sí a cairde agus a comharsana ina timpeall agus deir sí leo, ‘Déanaigí comhghairdeas liom, mar tá mé i ndiaidh an bonn a bhí caillte agam a fháil arís.’

10. Deirim libh go mbeidh sé mar an gcéanna i measc aingeal Dé nuair a dhéanfar lúcháir faoi aon pheacach amháin a mbeidh aithreachas air.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 15