5. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?”
6. Agus níor fhéad siad freagra a thabhairt air sin.
7. Ba ansin a d'inis sé an fáithscéal do lucht na gcuirí, nuair a thug sé faoi deara an dóigh ar mhaith leo tosaíocht áite a bheith acu, agus is é a dúirt sé leo,
8. “Nuair a fhaigheann tú cuireadh chun bainise ó aon duine, ná suigh tusa san áit is onóraí, ar eagla go bhfaighe duine is mó céim ná tú cuireadh uaidh freisin;