Tiomna Nua

Lúcás 14:31-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

31. Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

32. Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána.

33. Ar an nós céanna sin, ní fhéadann aon duine bheith ina dheisceabal agamsa mura ndiúltaíonn sé dá bhfuil aige.

34. “Is maith an rud é an salann; ach má chailleann an salann a bhlas, cad é a dhéanfas goirt é athuair?

35. Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14