Tiomna Nua

Lúcás 14:3-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Agus labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairiséigh, ag fiafraí, “Leigheas a dhéanamh lá na sabóide, cé acu ceadaithe nó crosta é?”

4. Ach d'fhanadarsan ina dtost. Ghlac sé ansin é gur leigheas sé é, agus gur lig sé chun bealaigh é.

5. Agus d'fhiafraigh sé díobh, “Cé agaibh, a dtitfidh a dhamh nó a asal isteach i dtobar lá na sabóide, nach dtarraingeoidh amach é gan mhoill?”

6. Agus níor fhéad siad freagra a thabhairt air sin.

7. Ba ansin a d'inis sé an fáithscéal do lucht na gcuirí, nuair a thug sé faoi deara an dóigh ar mhaith leo tosaíocht áite a bheith acu, agus is é a dúirt sé leo,

8. “Nuair a fhaigheann tú cuireadh chun bainise ó aon duine, ná suigh tusa san áit is onóraí, ar eagla go bhfaighe duine is mó céim ná tú cuireadh uaidh freisin;

9. agus ar eagla go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duitse agus dósan agus go ndéarfadh sé leat, ‘Fág do shuíochán don duine uasal seo,’ agus go mbeidh ort ansin dul sa suíochán is ísle agus tú náirithe.

10. Ach nuair a fhaigheann tú cuireadh, gabh agus suigh san áit is ísle, ar shlí go ndeire fear an tí leat nuair a thiocfaidh sé, ‘A chara liom, tar aníos in airde;’ agus ar an nós sin beidh meas ort ag a bhfuil ina suí ag bord leat.

11. Mar ísleofar an té a ardaíos é féin, agus ardófar an té a íslíos é féin.”

12. Is é a dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó, “Nuair a thugann tusa proinn nó fleá, ná tabhair cuireadh do do chairde ná do do dheartháireacha ná do do dhaoine muinteartha ná do do chomharsana saibhre, ar eagla go dtabharfaidh siad athchuireadh duit, agus go gcúiteofar an chomaoin leat.

13. Ach nuair a thugann tusa fleá uait, tabhair na cuirí do na bochtáin agus do na cithréimigh agus do na bacaigh agus do na daill,

14. agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.”

15. Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!”

16. Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine;

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14