Tiomna Nua

Lúcás 14:28-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

29. Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi,

30. agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’

31. Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

32. Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána.

33. Ar an nós céanna sin, ní fhéadann aon duine bheith ina dheisceabal agamsa mura ndiúltaíonn sé dá bhfuil aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14