Tiomna Nua

Lúcás 14:25-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Anois bhí sluaite móra ina dhiaidh; agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leo,

26. “Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

27. Cibé duine nach dtógann a chrois féin ar a ghualainn agus nach leanann mo lorg, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

28. Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

29. Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi,

30. agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14