Tiomna Nua

Lúcás 14:22-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Agus dúirt an seirbhíseach leis, ‘A dhuine uasail, tá sé déanta mar a d'ordaigh tú, agus tá tuilleadh slí fágtha go fóill.’

23. Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach, ‘Imigh leat amach faoi chlaíocha an bhealaigh mhóir, agus tarraing na daoine isteach dá ndeoin nó dá n‑ainneoin go dtí go mbeidh mo theach lán.

24. Mar tá mise á insint duit nach mbeidh aon duine de lucht na gcuirí ag blaiseadh mo fhleása.’”

25. Anois bhí sluaite móra ina dhiaidh; agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leo,

26. “Má thagann duine chugam gan fuath a bheith aige ar a athair féin agus ar a mháthair agus ar a bhean agus ar a chlann agus ar a dheartháireacha agus ar a dheirfiúracha, is ea, agus ar a anam féin, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

27. Cibé duine nach dtógann a chrois féin ar a ghualainn agus nach leanann mo lorg, ní fhéadann sé bheith ina dheisceabal agam.

28. Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú?

29. Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi,

30. agus iad á rá, ‘Seo duine a thosaigh ar thógáil, agus nár fhéad a chur i gcrích.’

31. Nó cé an rí, atá le cogadh a chur ar rí eile, nach suíonn síos an chéad uair agus nach nglacann comhairle an féidir leis, nach bhfuil aige ach deich míle fear, aghaidh a thabhairt ar an té a thiocfas amach roimhe le fiche míle?

32. Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána.

33. Ar an nós céanna sin, ní fhéadann aon duine bheith ina dheisceabal agamsa mura ndiúltaíonn sé dá bhfuil aige.

34. “Is maith an rud é an salann; ach má chailleann an salann a bhlas, cad é a dhéanfas goirt é athuair?

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14