Tiomna Nua

Lúcás 14:13-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ach nuair a thugann tusa fleá uait, tabhair na cuirí do na bochtáin agus do na cithréimigh agus do na bacaigh agus do na daill,

14. agus gheobhaidh tú beannacht, ó nach féidir leo a chúiteamh leat. Ach cúiteofar an chomaoin leat in am aiséirí na bhfíréan.”

15. Nuair a chuala duine dá raibh ina suí ag bord leis sin, dúirt sé leis, “Is méanar a íosfas arán i ríocht Dé!”

16. Ach is é a dúirt sé leis, “Bhí fleá mhór ag fear aon uair amháin, agus thug sé cuirí do mhórán daoine;

17. agus nuair a tháinig am na fleá chuir sé a sheirbhíseach amach lena rá le lucht na gcuirí, ‘Bígí ag teacht; mar tá gach uile ní ullamh anois.’

18. Ach ba é rud, thosaigh siad uile ar dhéanamh leithscéalta. Is é a dúirt duine amháin, ‘Tá píosa talaimh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul a amharc air; gabh mo leithscéal le do thoil.’

19. Agus dúirt an dara duine, ‘Tá cúig chuingir damh ceannaithe agam, agus caithfidh mé dul á bhféachaint; gabh mo leithscéal le do thoil.’

20. Agus dúirt an tríú duine, ‘Tá mé i ndiaidh bean a phósadh, agus sin an fáth nach bhféadaim teacht.’

21. Tháinig an seirbhíseach mar sin gur inis sé an méid sin dá mháistir. Ba ansin a ghlac fear an tí fearg agus a dúirt sé lena sheirbhíseach, ‘Imigh gan mhoill faoi shráideanna agus faoi chúlbhealaí na cathrach, agus tabhair leat isteach na bochtáin agus na cithréimigh agus na daill agus na bacaigh.’

22. Agus dúirt an seirbhíseach leis, ‘A dhuine uasail, tá sé déanta mar a d'ordaigh tú, agus tá tuilleadh slí fágtha go fóill.’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14