Tiomna Nua

Lúcás 13:21-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

21. Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.”

22. Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.

23. Agus bhí duine ann a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo,

24. “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.

25. A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’

26. Tosóidh sibh ar a rá ansin, ‘Bhíomar ag ithe agus ag ól i do chuideachta, agus bhí tusa ag teagasc inár sráideanna.’

27. Ach is é a déarfas sé, ‘Insím daoibh nach eol dom an áit a dtagann sibh as; imíodh lucht an oilc uaim!’

28. Is ansin a bheidh sibh ag caoineadh agus ag baint díoscáin as bhur bhfiacla, nuair a fheicfidh sibh Abracham agus Íosóg agus Iácób agus na fáithe uile istigh i ríocht Dé, agus sibh féin do bhur gcaitheamh amach.

29. Agus tiocfaidh an domhan thoir agus an domhan thiar, agus an tuaisceart agus an deisceart, ina suí ag bord i ríocht Dé.

30. Agus féach, beidh cuid dá bhfuil ar deireadh ar tosach, agus tá cuid dá bhfuil ar tosach a bheidh ar deireadh.”

31. Ba ansin go díreach a tháinig cuid de na Fairiséigh chuige go ndúirt siad leis, “Éalaigh as seo mar tá Iorua ar do thóir agus rún aige tú a mharú.”

32. Agus dúirt sé leo, “Imígí agus insígí don sionnach úd, ‘Féach, táim ag díbirt deamhan agus ag déanamh leigheas inniu agus amárach, agus ag críochnú mo chúrsa an tríú lá.

33. Ach ní fhágann sin nach siúlfaidh mé mo shlí inniu agus amárach agus amanathar; mar níl sé ceadaithe d'fháidh bás a fháil in aon áit ach in Iarúsailéim.’

34. Ó, a Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe, agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Cad é a mhinicí ab áil liom do chlannsa a chruinniú chugamsa, mar a chruinníos an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil leat é!

35. Féach, is fás folamh é do theach. Agus tá mise ag insint duit nach bhfeicfidh tú aon amharc orm go dtí go ndéarfaidh tú, ‘Is beannaithe a thagas chugam in ainm an Tiarna.’”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 13