Tiomna Nua

Lúcás 13:10-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Ansin bhí sé ag teagasc lá na sabóide i sionagóg áirithe.

11. Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart.

12. Agus nuair a chonaic Íosa í, ghlaoigh sé uirthi agus dúirt léí, “A bhean úd, tá tú do do scaoileadh ó chuibhreach do chloíteachta.”

13. Agus leag sé a lámha uirthí, agus díríodh a droim ar an toirt agus thug sí moladh do Dhia.

14. Ach bhí fearg ar rialtóir na sionagóige faoi Íosa a bheith ag leigheas lá na sabóide, agus dúirt sé leis na daoine, “Tá sé lá oibre ann; tagaigí do bhur leigheas ar na laethanta úd, ach ná tagaigí lá na sabóide.”

15. Ba ansin a d'fhreagair an Tiarna é, “A dhream na cráifeachta bréige! An é nach mbíonn an uile dhuine agaibh ag scaoileadh a dhaimh nó a asail den mhainséar lá na sabóide, agus é á thabhairt leis san áit a bhfaighidh sé uisce le n‑ól?

16. Agus nár cheart an bhean seo, iníon le hAbracham, a scaoileadh lá na sabóide ón gcuibhreach seo ler cheangail Sátan í na hocht mbliana déag seo?”

17. Nuair a bhí an chaint sin ráite aige, bhí náire ar a naimhde; agus bhí lúcháir ar na daoine faoi na gníomhartha uaisle a bhí á ndéanamh aige.

18. Dá bhrí sin dúirt sé leo, “Cad é cosúlacht ríocht Dé? Agus cad é a chuirfidh mé i gcomparáid léi?

19. Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus d'fhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 13