Tiomna Nua

Lúcás 12:8-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. “Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé,

9. ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé.

10. Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó.

11. Agus nuair a thugtar sibh os comhair na sionagóg agus na rialtóirí agus na n‑údarás, ná bíodh imní oraibh conas nó cad é a fhreagróidh sibh nó cad é a déarfaidh sibh;

12. mar múinfidh an Naomh-Spiorad daoibh in alt na huaire úd cad é is cóir daoibh a rá.”

13. Arsa duine den slua leis, “A Oide, ordaigh do mo dheartháir leath den oidhreacht a thabhairt dom.”

14. Ach ar seisean leis, “A dhuine, cé a cheap mise i mo bhreitheamh nó i mo rannadóir os bhur gcionn?”

15. Agus dúirt sé, “Tugaigí aire agus seachnaígí gach sórt sainte; mar ní ionann maoin an tsaoil dá mhéid agus beatha an duine.”

16. Agus d'inis sé fáithscéal dóibh, á rá, “Bhí duine saibhir áirithe ann ar thug a thalamh mórán torthaí;

17. agus smaoinigh sé ina chroí, ‘Cad é a dhéanfas mé, ó nach bhfuil áit agam le mo thorthaí a chur i dtaisce?’

18. Agus dúirt sé, ‘Seo an rud a dhéanfas mé, leagfaidh mé mo sciobóil, agus tógfaidh mé sciobóil is mó ná iad; agus cuirfidh mé a bhfuil d'arbhar agus de mhaoin agam i dtaisce iontu.

19. Agus déarfaidh mé le m'anam, A anam liom, tá mórán mór maoine agat curtha i dtaisce le haghaidh mórán blianta; bain d'aoibhneas as, ith agus ól agus bí go súgach.’

20. Ach is é a dúirt Dia leis, ‘A amadáin, anocht féin a iarrfar d'anam ort; agus na nithe seo atá ullmhaithe agat, cé leis a mbeidh siad?’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12