Tiomna Nua

Lúcás 12:47-59 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

47. Agus an seirbhíseach úd arbh eol dó toil a mháistir, agus nach ndearna réidh agus nach ndearna a thoil, buailfear go trom é.

48. Ach an té nach raibh a fhios aige, agus a thuill a bhualadh, ní bhuailfear ach go héadrom é. An duine ar tugadh mórán dó, iarrfar mórán air; mar dá mhéid a thabharfaidh na daoine d'fhear is amhlaidh is mó a iarrfas siad uaidh.

49. “Tháinig mise le tine a theilgean faoin talamh; agus is mairg nár lasadh go fóill í!

50. Tá orm dul faoi thonn bhaiste; agus táim go mór i sáinn go gcuirfidh mé tharam é!

51. An síleann sibh gur tháinig mise le síocháin a thabhairt don domhan seo? Deirim nach ea, dealú is mó a thiocfas de;

52. mar as seo amach in aon teaghlach amháin beidh dealú idir cúigear, beirt in éadan triúir agus triúr in éadan beirte;

53. dealófar iad, an t‑athair in aghaidh an mhic agus an mac in aghaidh a athar, an mháthair in aghaidh na hiníne agus an iníon in aghaidh a máthar, an mháthair chéile in aghaidh bhean a mic agus an banchliamhain in aghaidh mháthair a céile.”

54. Dúirt sé freisin leis na sluaite, “Níl am dá bhfeiceann sibh an néal ag éirí thiar, nach ndeir sibh ar an toirt go bhfuil an cith ag teacht, agus bíonn sé amhlaidh.

55. Agus nuair a fheiceann sibh go bhfuil an ghaoth ó dheas ag séideadh deir sibh go mbeidh brothall ann; agus bíonn sé amhlaidh.

56. A fhimíneacha! Tá a fhios agaibh tuiscint a bhaint as comharthaí an talaimh agus as comharthaí na spéire; agus cad chuige nach mbíonn tuiscint agaibh ar an saol atá anois ann?

57. “Agus cad chuige nach mbreithníonn sibh uaibh féin cad é is cóir?

58. Nuair atá tusa agus an té atá do do chúisiú ar an mbealach go dtí an breitheamh, déan do dhícheall le teacht ar shocrú leis ar bhur mbealach, ar eagla go dtarraingeoidh sé chuig an mbreitheamh thú, agus go dtabharfaidh an breitheamh i láimh an chonstábla thú, agus go bhfágfaidh an constábla sa phríosún thú.

59. Táim ag insint duit nach bhfuil scaoileadh i ndán duit go raibh an phingin rua dheireannach íoctha agat.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12