Tiomna Nua

Lúcás 12:45-57 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

45. Ach má deir an seirbhíseach úd leis féin, ‘Beidh moill ar mo mháistir ag teacht,’ agus má théann sé ag greasáil na moghaí agus na gcumhal, agus ag ithe agus ag ól agus ag dul ar meisce,

46. ansin tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd sa lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus in uair nach feasach dó, agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé leis an dream mídhílis é.

47. Agus an seirbhíseach úd arbh eol dó toil a mháistir, agus nach ndearna réidh agus nach ndearna a thoil, buailfear go trom é.

48. Ach an té nach raibh a fhios aige, agus a thuill a bhualadh, ní bhuailfear ach go héadrom é. An duine ar tugadh mórán dó, iarrfar mórán air; mar dá mhéid a thabharfaidh na daoine d'fhear is amhlaidh is mó a iarrfas siad uaidh.

49. “Tháinig mise le tine a theilgean faoin talamh; agus is mairg nár lasadh go fóill í!

50. Tá orm dul faoi thonn bhaiste; agus táim go mór i sáinn go gcuirfidh mé tharam é!

51. An síleann sibh gur tháinig mise le síocháin a thabhairt don domhan seo? Deirim nach ea, dealú is mó a thiocfas de;

52. mar as seo amach in aon teaghlach amháin beidh dealú idir cúigear, beirt in éadan triúir agus triúr in éadan beirte;

53. dealófar iad, an t‑athair in aghaidh an mhic agus an mac in aghaidh a athar, an mháthair in aghaidh na hiníne agus an iníon in aghaidh a máthar, an mháthair chéile in aghaidh bhean a mic agus an banchliamhain in aghaidh mháthair a céile.”

54. Dúirt sé freisin leis na sluaite, “Níl am dá bhfeiceann sibh an néal ag éirí thiar, nach ndeir sibh ar an toirt go bhfuil an cith ag teacht, agus bíonn sé amhlaidh.

55. Agus nuair a fheiceann sibh go bhfuil an ghaoth ó dheas ag séideadh deir sibh go mbeidh brothall ann; agus bíonn sé amhlaidh.

56. A fhimíneacha! Tá a fhios agaibh tuiscint a bhaint as comharthaí an talaimh agus as comharthaí na spéire; agus cad chuige nach mbíonn tuiscint agaibh ar an saol atá anois ann?

57. “Agus cad chuige nach mbreithníonn sibh uaibh féin cad é is cóir?

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12