Tiomna Nua

Lúcás 12:22-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh.

23. Mar is fearr bhur mbeo ná bhur mbia, agus is fearr bhur gcolainn ná bhur n‑éadaí.

24. Smaoinígí ar na fiacha dubha; ní bhíonn siad ag cur ná ag baint, agus níl scioból ná iothlainn acu, ach beathaíonn Dia ina dhiaidh sin iad. Nach luachmhaire go mór sibh ná an éanlaith?

25. Agus cé agaibh a chuirfeas aon bhanlámh le fad a bheatha le tréan imní?

26. Mura bhféadann sibh an rud beag bídeach sin a dhéanamh, cad chuige a mbíonn imní oraibh faoi an gcuid eile?

27. Smaoinígí ar na lilí agus conas a fhásann siad; ní bhíonn siad ag saothrú ná ag sníomh; ach táim á insint daoibh, nach raibh Solamh féin inchurtha le haon lile acu seo agus é gléasta in iomlán a mhaise.

28. Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig?

29. Agus ná bígí ag iarraidh an ní a íosfas sibh agus a ólfas sibh, agus ná bíodh bhur n‑intinn faoi imní.

30. Mar bíonn náisiúin uile an domhain ag iarraidh na nithe sin; agus is feasach do bhur nAthair go dteastaíonn siad uaibh.

31. Bígí ag iarraidh a ríochta ina n‑áit sin, agus beidh na nithe úd uile agaibh lena cois.

32. “Ná bíodh eagla oraibh, a thréidín liom, mar bhí sé de mhaitheas ag bhur nAthair an ríocht a dheonú daoibh.

33. Díolaigí bhur maoin, agus tugaigí uaibh mar dhéirc i ar ghrá Dé; soláthraígí daoibh féin sparán nach gcríonann, stór ar neamh nach dteipeann, san áit nach dtagann gadaí dá chomhair agus nach mbíonn leamhain á chur ó mhaith.

34. Mar cibé áit a mbeidh bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroíthe.

35. “Bíodh bhur leasracha crioslaithe agus bhur lampaí lasta

36. mar fhir ag fanacht lena máistir ag filleadh abhaile ón mbainis, agus iad i bhfáth leis an doras a oscailt roimhe chomh luath agus a thagann sé ag bualadh cnaig air.

37. Is beannaithe iad na sheirbhísigh a bhfaigheann an máistir ina ndúiseacht iad ag teacht dó; deirim go fíor libh go gcrioslóidh sé é féin agus go gcuirfidh ina suí ag bord iad, agus go dtiocfaidh sé ag freastal orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12