Tiomna Nua

Lúcás 12:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Idir an dá am, nuair a bhí oiread mílte den slua cruinnithe go raibh siad i riocht satailte ar a chéile, thosaigh sé ar a rá lena dheisceabail ar dtús, “Seachnaígí laibhín na bhFairiséach, is é sin, seachnaígí a bhfimíneacht.

2. Níl ní dá gcumhdaítear nach nochtfar, ná ní dá gceiltear nach mbeidh ar eolas.

3. Cluinfear sa solas a ndúirt sibh sa dorchadas, agus fógrófar os ard i mullach tithe ar labhair sibh i gcogar i seomraí faoi rún.

4. “Insím daoibh, a dhaoine na páirte, gan eagla a bheith oraibh roimh an dream nach féidir leo ach an cholainn a chur chun báis.

5. Ach fógróidh mé daoibh cé roimhe ar cheart eagla a bheith oraibh: bíodh eagla oraibh roimh an té sin a mbíonn sé de chumhacht aige, tar éis duine a mharú, a chaitheamh isteach in ifreann; is ea, deirim libh eagla a bheith oraibh roimhe sin!

6. Nach ndíoltar cúig ghealbhan ar dhá phingin? Agus ní ligfear aon ghealbhan corr chun dearmaid os comhair Dé.

7. Ar ndóigh, níl ribe ar bhur gcinn nach mbíonn á chuntas. Ní eagal daoibh; is mó bhur luach ná mórán gealbhan.

8. “Agus táim ag insint daoibh, níl duine dá n‑admhaíonn mé os comhair na ndaoine, nach n‑admhóidh Mac an duine é os comhair aingeal Dé,

9. ach an té a shéanas mé os comhair daoine séanfar é os comhair aingeal Dé.

10. Agus níl duine dá labhraíonn focal in aghaidh Mhac an duine nach maithfear dó; ach an té a dhéanas diamhasla in aghaidh an Naomh-Spioraid, ní mhaithfear dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 12