Tiomna Nua

Lúcás 11:37-53 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

37. Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord.

38. Bhí iontas ar an bhFairiséach lena fheiceáil nár nigh sé é féin roimh an dinnéar.

39. Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh.

40. A amadána! An té a rinne an taobh amuigh nach ndearna sé an taobh istigh freisin?

41. Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh.

42. “Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile.

43. Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh.

44. Is mairg daoibh! Mar tá sibh mar uaigheanna nach bhfeictear, a siúlann daoine os a gcionn gan fhios.”

45. Thug fear de na dlíodóirí freagra air, “A Oide, tugann tú achasán dúinne freisin, a grá an mhéid sin.”

46. Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara.

47. Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad.

48. Dá bhrí sin is finnéithe sibh ag toiliú le gníomhartha bhur n‑aithreacha; mar is iad a mharaigh iad agus is sibh a thógas a dtuamaí.

49. Dá bhrí sin dúirt eagna Dé, ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus maróidh siad agus cuirfidh siad géarleanúint ar chuid acu,

50. go dtí go n‑agrófar ar sileadh d'fhuil na bhfáithe ó bhunú an domhain ar an nglúin seo,

51. ó fhuil Abel go fuil Shecaría, a maraíodh idir an altóir agus an sanctóir. Is ea, táim ag insint daoibh go n‑agrófar ar an nglúin seo í.

52. Is mairg daoibh, a dhlíodóirí! Mar tá eochair an eolais curtha i bhfolach agaibh; ní dheachaigh sibh féin isteach ann agus bhí sibh in bhur dtoirmeasc ag an dream a bhíodh ag dul isteach.”

53. Nuair a bhí sé ag imeacht as an áit, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chur go crua air, agus á ghríosadh chun labhairt faoi mhórán nithe, agus iad ag fuireachas leis, le breith ar rud dá ndéarfadh sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11