Tiomna Nua

Lúcás 11:29-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Nuair a bhí na sluaite ag méadú, thosaigh sé ar a rá, “Is olc an ghlúin í an ghlúin seo; bíonn sí ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar de chomhartha di ach comhartha Ióna.

30. Mar mar a bhí Ióna ina chomhartha ag fir Ninebhe, is amhlaidh a bheidh Mac an duine ag an nglúin seo.

31. Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh.

32. Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear an breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siad aithrí le seanmóireacht Ióna, agus féach tá ní anseo is mó ná Ióna.

33. “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas.

34. Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11