16. agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh.
17. Ach ó d'aithin sé a smaointe, ar seisean leo, “Scriostar gach ríocht a dheighiltear ina éadan féin, agus titeann teaghlaigh as a chéile.
18. Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl.
19. Agus más rud é go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl, cé sin a mbíonn bhur gclann mhac á gcaitheamh amach tríd? Mar sin de bídís siúd mar bhreithiúna oraibh.
20. Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh.
21. Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh;
22. ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach.
23. An té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.
24. “Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’
25. Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é.
26. Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”