Tiomna Nua

Lúcás 11:11-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc;

12. nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó?

13. Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?”

14. Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de.

15. Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;”

16. agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh.

17. Ach ó d'aithin sé a smaointe, ar seisean leo, “Scriostar gach ríocht a dheighiltear ina éadan féin, agus titeann teaghlaigh as a chéile.

18. Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl.

19. Agus más rud é go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl, cé sin a mbíonn bhur gclann mhac á gcaitheamh amach tríd? Mar sin de bídís siúd mar bhreithiúna oraibh.

20. Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh.

21. Nuair a bhíonn tréanfhear faoi iomlán arm ag coimeád a pháláis féin, bíonn a mhaoin go socair sámh;

22. ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach.

23. An té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.

24. “Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’

25. Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é.

26. Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”

27. Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, labhair bean a bhí sa slua in ard a cinn agus dúirt leis, “Is beannaithe an bhroinn a chuir ar an saol thú, agus is beannaithe na cíocha a bhíodh á ndiúl agat!”

28. Ach ba é a dúirt sé, “Is mó is beannaithe an dream a chluineas briathar Dé agus a choinníos é!”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11