Tiomna Nua

Lúcás 11:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Bhí sé ar a urnaí in áit áirithe, agus nuair a stad sé di, dúirt duine dá dheisceabail leis, “A Thiarna, múin an urnaí dúinn, mar a rinne Eoin dá dheisceabailsean.”

2. Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm, go dtaga do ríocht.

3. Tabhair dúinn ár n‑arán laethúil gach uile lá;

4. agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.”

5. Agus ar seisean leo, “Cé agaibh a bhfuil cara aige a rachaidh chuige i gceartlár na hoíche agus a déarfaidh leis, ‘A fhir na páirte, tabhair iasacht trí bhuilín aráin dom;

6. mar tá cara de mo chuid i ndiaidh teacht ar aistear, agus níl ní agam le cur roimhe;

7. agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’

8. Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh.

9. Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh.

10. Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 11