Tiomna Nua

Lúcás 10:18-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Agus ar seisean leo, “Chonaic mé Sátan ag titim ó neamh mar a bheadh caor thintrí ann.

19. Féach, tá údarás tugtha agam daoibh le gabháil de chosa ar na nathracha nimhe agus ar na scairpeanna agus ar chumhachtaí uile an namhad; agus ní dhéanfaidh aon ní dochar daoibh.

20. Ach ná bíodh sé ina ábhar lúcháire agaibh na spridí bheith ag umhlú daoibh; ach bíodh lúcháir oraibh go bhfuil bhur n‑ainmneacha scríofa ar neamh.”

21. San uair chéanna úd bhí áthas an Spioraid Naoimh air, agus ar seisean, “Altú duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talaimh, go bhfuil na nithe seo ceilte agat ar lucht na heagna agus ar lucht na tuisceana, agus go bhfuil siad nochtaithe agat do na naíonáin; bíodh amhlaidh, a Athair, ó ba é sin do dhea-thoil.

22. Níl ní nár bhronn an tAthair orm; agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ná eolas cé hé ach ag an Athair, ná eolas cé hé an tAthair ach ag an Mac agus ag an té a nochtann an Mac an tAthair dó.”

23. Ansin, agus é ag tiontú i dtreo na ndeisceabal, ar seisean leo ar fhód ar leith, “Is beannaithe na súile a fheiceas an ní a fheiceas sibhse!

24. Mar tá mise ag insint daoibh gurbh iomaí fáidh agus rí arbh fhonn leo an ní a fheiceas sibhse a fheiceáil, agus nach bhfaca é, agus an ní a chluineas sibhse a chluinstin, agus nár chuala é.”

25. Agus b'shiúd dlíodóir a sheas suas á fhéachaint, agus dúirt sé, “A Oide, cad é a dhéanfas mé leis an mbeatha shíoraí a shealbhú?”

26. Ar seisean leis, “Cad é atá scríofa sa dlí? Cad é a léas tú?”

27. Agus d'fhreagair sé, “Gráigh do Thiarna Dia le do chroí uile, agus le d'anam uile, agus le do chumhachtaí uile, agus le d'intinn uile; agus gráigh do chomharsa le grá mar an grá atá agat duit féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 10