Tiomna Nua

Lúcás 10:1-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. D'ordaigh an Tiarna seachtó duine eile a chuir sé roimhe ina mbeirteanna go dtí gach uile bhaile agus áitreabh a raibh sé le dul.

2. Agus dúirt sé leo, “Dá mhéid é an fómhar, níl ach dornán beag oibrithe ann; bígí mar sin ag guí Thiarna an fhómhair buanaithe a chur amach chuig a fhómhar.

3. Ach imígí romhaibh; féachaigí, táim do bhur scaipeadh mar a scaipfinn uain i measc mactíre.

4. Ná hiompraígí sparán, ná mála, ná cuaráin; agus ná cuirigí forrán ar aon duine ar an mbealach.

5. Cibé teach ina dtéann sibh, abraigí an chéad uair, ‘An tsíocháin sa teach seo!’

6. Agus má tá mac síochána ann, fanfaidh bhur síocháin air; ach mura bhfuil, fillfidh sé chugaibh arís.

7. Agus fanaigí sa teach céanna sin, ag ithe agus ag ól a soláthraíos siad, mar is fiú a thuarastal an t‑oibrí; ná himígí ó theach go teach.

8. Nuair a théann sibh isteach i mbaile mór agus go bhfáiltíonn siad romhaibh, ithigí a gcuirtear romhaibh;

9. leigheasaigí a bhfuil breoite ann agus abraigí leo, ‘Tá ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas daoibh.’

10. Ach nuair a théas sibh isteach i mbaile agus a bhíos doicheall orthu romhaibh, imígí amach i lár a shráideanna agus abraigí os ard,

11. ‘Táimid ag baint dínn go fiú deannaigh bhur mbaile a ghreamaíos dár gcosa mar chomhartha in bhur n‑éadan; ní fhágann sin nach dtugaimid le fios daoibh go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht i bhfogas.’

12. Tá mise ag insint daoibh go luífidh an lá úd níos éadroime ar Shodóm ná ar an mbaile úd.

13. Mairg duit, a Chorasin! mo mhairg tú, a Bhétsáida! mar dá ndéanfaí i dTior nó i Siodón na fearta móra a rinneadh ionaibhse, bheadh aithreachas déanta acu fadó agus iad ina suí faoi shaicéadach agus faoi luaithreach.

14. Ach is éadroime a luífidh an breithiúnas ar Thior agus ar Shiodón ná oraibhse!

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 10