9. Agus d'fhan sé i rith trí lá gan amharc na súl aige, agus gan é ag ithe ná ag ól.
10. Anois bhí deisceabal sa Damaisc a raibh Ananias mar ainm air. Dúirt an Tiarna leis in aisling, “A Ananias.” Agus ar seisean, “Seo anseo mé, a Thiarna.”
11. Agus dúirt an Tiarna leis, Éirigh agus gabh go dtí an tsráid a dtugtar An tSráid Dhíreach air, go teach Iúdáis agus cuir tuairisc fir as Tarsus a bhfuil Sáúl mar ainm air; mar b'shiúd ag guíodóireacht é,
12. agus é i ndiaidh fear darb ainm Ananias a fheiceáil ag teacht isteach agus ag leagan a lámh air ionas go bhfaighe sé amharc na súl arís.”
13. Ach ba é a d'fhreagair Ananias, “A Thiarna, chuala mé ó mhórán i dtaobh an duine sin, cad é an scrios atá déanta aige ar do naoimh atá in Iarúsailéim;
14. agus tá údarás aige anseo ó na hardsagairt chun gach duine dá ngaireann ar d'ainm anseo a cheangal.”
15. Ach is é a dúirt an Tiarna leis, “Imigh, mar is soitheach tofa agam féin é le m'ainm a iompar os comhair na nGintlithe agus na ríthe agus os comhair chlann Iosrael;
16. mar nochtfaidh mé dó an méid a chaithfeas sé a fhulaingt mar mhaithe le m'ainmse.”