Tiomna Nua

Gníomhartha 9:30-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Agus nuair a fuair na bráithre fios air sin, thug siad síos leo é go Caesaríá, gur chuir chun bealaigh go Tarsus é.

31. Mar sin ar fud Iúdaea agus Galailí agus Samária bhí síocháin ag an eaglais agus neartaíodh léi; agus chuaigh sí i líonmhaireacht ó bhí a hiompar lán d'ómós do Dhia agus de shólás ón Spiorad Naomh.

32. Anois bhí Peadar ag siúl na n‑áiteanna uile, agus sa tslí dó tháinig sé anuas chuig na naoimh a raibh cónaí orthu i Lidda.

33. Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air.

34. Agus arsa Peadar leis, “A Aenéas, tá Íosa Críost do do leigheas; éirigh agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé ar an móimint.

35. Agus chonaic áitreabhaigh Lidda agus Sheáráin é, agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.

36. Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici.

37. Ach sna laethanta úd tháinig breoiteacht uirthi a thug a bás; agus níodh an corp agus cóiríodh é os cionn cláir i seomra in uachtar an tí.

38. Ó bhí Lidda cóngarach do Ioppa, agus ó chuala na deisceabail go raibh Peadar ansin, chuir siad beirt fhear chuige ag cur impí air, “Tar anuas chugainn gan mhoill ar bith, le do thoil.”

39. D'éirigh Peadar mar sin agus chuaigh sé leo. Agus nuair a shroich sé an áit, tugadh suas chun an tseomra é in uachtar an tí. Agus bhí na baintreacha uile go léir ina seasamh roimhe, agus iad ag sileadh deor, agus ag taispeáint na bhfallaingeacha agus na n‑éadaí a bhí déanta ag Dorcas nuair a bhí sí acu.

40. Ach chuir Peadar iad uile amach as an seomra, agus chuaigh sé ar a ghlúine go ndearna sé urnaí; thug sé aghaidh ar an gcorp ansin agus ar seisean, “A Thabita, éirigh suas.” Agus d'oscail sí a súile, agus nuair a chonaic sí Peadar d'éirigh sí ina suí.

41. Agus shin sé a lámh chuici agus thóg sé í. Ghlaoigh sé ansin isteach ar na naoimh agus na baintreacha gur thaispeáin sé dóibh í ina beatha.

42. Agus ní raibh duine in Ioppa a raibh sin ceilte air, agus chreid mórán sa Tiarna dá thairbhe.

43. Agus d'fhan sé in Ioppa tamall maith de laethanta i dteach súdaire a raibh Síomón mar ainm air.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 9