Tiomna Nua

Gníomhartha 9:22-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Ach ba mhóide a chuaigh Sáúl i dtreise, agus chuir sé coiscreamh faoi na Giúdaigh a bhí ina gcónaí sa Damaisc ag cruthú gurbh é Íosa an Críost.

23. Nuair a bhí mórán laethanta i ndiaidh dul thart, chuir na Giúdaigh comhcheilg ina suí le bás a imirt air,

24. ach fuair Sáúl fios ar a gcomhcheilg. Bhí garda oíche agus lae ar na geataí, lena mharú;

25. ach ghlac a dheisceabail é san oíche agus lig siad síos thar bhalla na cathrach é, á ísliú i gcliabh.

26. Nuair a shroich sé Iarúsailéim thug sé iarracht ar dhul i gcuideachta na ndeisceabal; ach bhí eagla orthu uile roimhe, ó nár chreid siad gur dheisceabal é.

27. Ach ghlac Barnabas é, gur thug leis chuig na haspail é, agus gur dhearbhaigh dóibh conas a chonaic sé an Tiarna ar an tsli, agus faoin gcaint a labhair sé leis, agus cad é chomh neamh-eaglach agus a rinne sé seanmóireacht sa Damaisc in ainm Íosa.

28. Mar sin de, bhíodh sé ag teacht agus ag imeacht eatarthu in Iarúsailéim,

29. agus é ag seanmóireacht go dána neamheaglach in ainm Íosa. Agus bhí caint agus conspóid aige le lucht labhartha na Gréigise; ach is é rud, bhí siadsan ag iarraidh é a mharú.

30. Agus nuair a fuair na bráithre fios air sin, thug siad síos leo é go Caesaríá, gur chuir chun bealaigh go Tarsus é.

31. Mar sin ar fud Iúdaea agus Galailí agus Samária bhí síocháin ag an eaglais agus neartaíodh léi; agus chuaigh sí i líonmhaireacht ó bhí a hiompar lán d'ómós do Dhia agus de shólás ón Spiorad Naomh.

32. Anois bhí Peadar ag siúl na n‑áiteanna uile, agus sa tslí dó tháinig sé anuas chuig na naoimh a raibh cónaí orthu i Lidda.

33. Fuair sé fear ansin a raibh Aenéas mar ainm air, a bhí in otharluí ocht mbliana agus a raibh an phairilis air.

34. Agus arsa Peadar leis, “A Aenéas, tá Íosa Críost do do leigheas; éirigh agus cóirigh do leaba.” Agus d'éirigh sé ar an móimint.

35. Agus chonaic áitreabhaigh Lidda agus Sheáráin é, agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.

36. Anois bhí deisceabal mná in Ioppa a raibh Tabita nó Dorcas mar ainm uirthi, a chiallaíos gasail nó eilit shléibhe. Bhíodh sí lán de dhéirc agus a lán dea-oibreacha a ndéanamh aici.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 9