Tiomna Nua

Gníomhartha 7:8-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha.

9. “Agus bhí éad ar na huasalaithreacha le hIósaf, agus dhíol siad é le bheith ina dhaor san Éigipt; ach bhí Dia leis,

10. agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile.

11. Tháinig gorta ansin ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanáin, agus anró mór, agus ní raibh aon bhia le fáil ag ár n‑aithreacha.

12. Ach nuair a chuala Iácób go raibh an t‑arbhar le fáil san Éigipt, chuir sé ár n‑aithreacha ar shiúl an chéad uair.

13. Agus ar an dara cuairt dóibh, chuir Iósaf é féin in aithne dá dheartháireacha, agus fuair Pharaó fios ar cé ar díobh é Iósaf.

14. Agus chuir Iósaf fios ar a athair Iácób agus ar a dhaoine muinteartha uile chuige, cúig déag agus seasca a líon;

15. agus chuaigh Iácób síos chun na hÉigipte. Agus fuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha,

16. agus tugadh a gcoirpsean ar ais go Secem gur adhlacadh iad sa tuama a bhí ceannaithe ar shuim airgid ó chlann Hamór i Secem.

17. “Ach nuair a bhí an t‑am ag teacht i bhfogas leis an ngealltanas, a dheonaigh Dia d'Abracham, a chomhlíonadh, tháinig méadú agus mórfhás ar an gcine is againne san Eigipt

18. go dtí gur éirigh rí eile san Éigipt nach raibh aithne aige ar Iósaf.

19. D'imir seisean cleas fealltach ar an gcine is againne agus chuir sé d'iallach ar ár sinsir a gclann óg a chaitheamh amach ionas nach mairfidís ina mbeatha.

20. Ba san am sin a tháinig Maois ar an saol, agus é ina leanbh álainn i súile Dé. Agus fuair sé tógáil agus tabhairt suas ar feadh trí mhí i dteach a athar;

21. agus nuair a caitheadh amach é, ghlac iníon Pharaó leis mar mhac uchta agus thug sí aire mháthar dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7