Tiomna Nua

Gníomhartha 7:52-60 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

52. Cá bhfuil sé, an fáidh nár chuir bhur n‑aithreacha géar-leanúint air? Agus mharaigh siad an dream a réamhfhógair teacht an Fhíréin, a bhfuil sibhse tar éis feall agus dúnmharú a imirt air,

53. a mhuintir úd a ghlac leis an dlí a chuir na haingil romhaibh agus nár umhlaigh dó.”

54. Anois nuair a chuala siad an méid sin, bhí fearg bhuile orthu, agus bhain siad díoscán as a gcarr ina éadan.

55. Ach bhí sé féin líonta den Spiorad Naomh, agus d'amharc sé in airde sna flaithis go bhfaca sé glóir Dé, agus Íosa ina sheasamh ar dheasláimh Dé;

56. agus dúirt sé, “Féachaigí, feicim na flaithis ar oscailt, agus feicim Mac an duine ina sheasamh ar dheasláimh Dé.”

57. Ach thóg siad gáir agus thug siad an chluas bhodhar dó agus thug siad ruathar air uile le chéile.

58. Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air.

59. Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.”

60. Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7