Tiomna Nua

Gníomhartha 7:42-60 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

42. Ach thiontaigh Dia agus thug sé uaidh iad le hadhradh a thabhairt do shlua neimhe, mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe:‘Nár ofráil sibh ainmhithe marbha agus íobairtí dom,ar feadh daichead bliain ar an bhfásach, a theaghlaigh Iosrael?

43. Agus d'ardaigh sibh pailliún Mholoc,agus réalta an lámhdhé Refán,na dealbha a rinne sibh lena n‑adhradh;agus aistreoidh mise go dtí an taobh thiar den Bhabalóin sibh.’

44. “Bhí pailliún na fianaise ag ár n‑aithreacha ar an bhfásach, mar a d'ordaigh an té a labhair le Maois dó a dhéanamh, de réir an mhúnla a bhí feicthe aige.

45. Thug an ghlúin dár n‑aithreacha a tháinig ina dhiaidh sin isteach é le hIósua nuair a bhain siad an tír de na ciníocha a ruaig Dia amach roimh ár n‑aithreacha. Mhair sé mar sin go dtí laethanta Dháibhí,

46. a raibh gnaoi air i súile Dé agus a d'iarr cead air áit bhuan chónaithe a fháil amach i gcomhair Dhia Iácóib.

47. Ach ba é Solamh a thóg áras tí dó.

48. Ní lúide ní chónaíonn an Té is Airde i dtithe lámhdhéanta; mar a deir an fáidh,

49. ‘Is é an neamh mo ríchathaoir,agus is é an talamh an stól faoi mo chosa,cad é an teach a thógfas sibh dom, a deir an Tiarna,agus cá bhfuil an áit a dté mé faoi shuaimhneas?

50. Nach í mo lámhsa a chruthaigh iad seo uile?’

51. “A mhuintir úd an mhuiníl righin, a lucht a bhfuil bhur gcroíthe agus bhur gcluasa gan timpeallghearradh, bíonn sibh go buan ag cur in éadan an Spioraid Naoimh. Mar a rinne bhur n‑aithreacha, mar an gcéanna a dhéanann sibhse.

52. Cá bhfuil sé, an fáidh nár chuir bhur n‑aithreacha géar-leanúint air? Agus mharaigh siad an dream a réamhfhógair teacht an Fhíréin, a bhfuil sibhse tar éis feall agus dúnmharú a imirt air,

53. a mhuintir úd a ghlac leis an dlí a chuir na haingil romhaibh agus nár umhlaigh dó.”

54. Anois nuair a chuala siad an méid sin, bhí fearg bhuile orthu, agus bhain siad díoscán as a gcarr ina éadan.

55. Ach bhí sé féin líonta den Spiorad Naomh, agus d'amharc sé in airde sna flaithis go bhfaca sé glóir Dé, agus Íosa ina sheasamh ar dheasláimh Dé;

56. agus dúirt sé, “Féachaigí, feicim na flaithis ar oscailt, agus feicim Mac an duine ina sheasamh ar dheasláimh Dé.”

57. Ach thóg siad gáir agus thug siad an chluas bhodhar dó agus thug siad ruathar air uile le chéile.

58. Chaith siad amach as an gcathair ansin é gur imir siad bás air le clocha; agus leag na finnéithe a mbaill éadaí uathu ag cosa ógfhir a raibh Sáúl mar ainm air.

59. Agus rinne Stiofán urnaí nuair a bhíothas ag caitheamh na gcloch air, “A Thiarna Íosa, glac chugat mo spridse.”

60. Agus chuaigh sé ar a ghlúine agus ghlaoigh sé amach in ard a chinn, “A Thiarna, ná hagair an peaca sin orthu.” Agus nuair a bhí sin ráite aige, thit a chodladh air.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7