Tiomna Nua

Gníomhartha 7:23-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

23. “Nuair a bhí sé in aois a dhaichead bliain, tháinig sé ina chroí cuairt a thabhairt ar a bhráithre, ar chlann mhac Iosrael.

24. Agus nuair a chonaic sé an éagóir a rinneadh ar dhuine acu, chosain sé an té a ndearnadh an t‑ansmacht air ag bualadh buille ar an Éigipteach.

25. Shil sé gur thuig a bhráithre go raibh Dia á bhfuascailt lena láimhsean, ach ní raibh an tuiscint sin acu.

26. Agus an lá ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin doíbh nuair a bhí siad in achrann agus thug sé iarraidh ar shíocháin a dhéanamh eatarthu, á rá, ‘A fheara, nach bráithre sibh, cad chuige a ndéanann sibh éagóir ar a chéile?’

27. Ach bhrúigh an fear a rinne an éagóir ar a chomharsa i leataobh é, agus d'fhiafraigh sé de, Cé a chuir thusa mar rialtóir nó mar bhreitheamh os ár gcionn?

28. An bhfuil sé fút mise a mharú mar an tÉigipteach a mharaigh tú inné?’

29. Nuair a chuala Maois an t‑aisfhreagra sin theith sé leis, agus bhí sé ina dheoraí i dtír Mhidian, áit ar ghin sé beirt mhac.

30. “Ansin, nuair a chuaigh daichead bliain thart, nocht an t‑aingeal os a choinne i mbladhaire tine i measc toim i bhfásach Shliabh Shínáí.

31. Nuair a chonaic Maois é rinne sé iontas den radharc sin; agus nuair a dhruid sé leis le bheith ag féachaint air, cluineadh glór an Tiarna,

32. Is mé Dia d'aithreacha, Dia Abrachaim agus Íosóig agus Iácóib.’ Agus chuaigh Maois ar aon bharr creatha agus níor lig an eagla dó amharc air.

33. Agus dúirt an Tiarna leis, ‘Bain díot do choisbheart, mar is talamh naofa é an áit a bhfuil tú i do sheasamh.

34. Ná bíodh amhras ort nach bhfaca mé an ainíde atá á himirt ar mo mhuintirse san Éigipt agus nár chuala mé a n‑éamh, agus nach bhfuil mé i ndiaidh teacht anuas lena bhfuascailt. Agus tar anois go gcuire mé uaim chun na hÉigipte thú.’

35. “Is é an Maois sin, ar dhiúltaigh siad dó, agus ar fhiafraigh siad de, ‘Cé a chuir thusa i do rialtóir agus i do bhreitheamh? a chuir Dia uaidh mar cheannasaí agus mar fhuascailteoir le láimh an aingil a nocht sa tom.

36. Sheol seisean amach iad, i ndiaidh é iontais agus comharthaí a oibriú san Éigipt agus ag an Muir Rua, agus san fhásach i rith daichead bliain.

37. Is é sin an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael, Ardóidh Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d ardaigh sé mise.’

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7