Tiomna Nua

Gníomhartha 7:2-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Agus is é a dúirt Stiofán: “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí le mo bhriathra. Nocht Dia na glóire é féin dár n-athair Abracham, nuair a bhi sé i Mesopotámia, sula ndeachaigh sé a chónaí i Hárán,

3. agus dúirt sé leis, Imigh leat as do thír dhúchais agus fág do mhuintir agus tar ort go tír a thaispeánfaidh mé duit.’

4. D'imigh sé ansin as tír na gCaldéach, agus bhi cónaí air i Hárán. Agus nuair a fuair a athair bás, thug Dia air dul ar imirce chun na tíre seo a bhfuil sibh in bhur gcónaí inti;

5. ach níor thug sé aon oidhreacht dó inti, go fiú leithead troighe, ach gur gheall sé go dtabharfadh sé dó é mar sheilbh aige féin agus ag a shliocht ina dhiaidh, cé nach raibh muirear ar bith aige go fóill.

6. Agus labhair Dia leis mar seo, ag rá go mbeadh a shliochtsan ina gcoigrígh i dtír a bheadh ag cine eile, a dhéanfadh daoir díobh agus a thabharfadh drochíde dóibh i rith ceithre chéad bliain.

7. ‘Ach tabharfaidh mé breithiúnas ar an náisiún a bhfuil siad i ndaoirse acu,’ arsa Dia, ‘agus ina dhiaidh sin imeoidh siad as sin agus tabharfaidh siad adhradh dom san áit seo.’

8. Agus thug sé dó cúnant an timpeallghearrtha. Mar sin ghin sé Íosóg agus thimpeall-ghearr sé é an t‑ochtú lá; agus ghin Íosóg Iácób, agus ghin Iácób an dáréag uasalaithreacha.

9. “Agus bhí éad ar na huasalaithreacha le hIósaf, agus dhíol siad é le bheith ina dhaor san Éigipt; ach bhí Dia leis,

10. agus shlánaigh sé é as a angair uile, agus bhronn sé gnaoi agus eagna air i láthair Pharaó, rí na hÉigipte, go dtí gur chuir sé i gceannas é os cionn na hÉigipte agus os cionn a rítheaghlaigh féin uile.

11. Tháinig gorta ansin ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanáin, agus anró mór, agus ní raibh aon bhia le fáil ag ár n‑aithreacha.

12. Ach nuair a chuala Iácób go raibh an t‑arbhar le fáil san Éigipt, chuir sé ár n‑aithreacha ar shiúl an chéad uair.

13. Agus ar an dara cuairt dóibh, chuir Iósaf é féin in aithne dá dheartháireacha, agus fuair Pharaó fios ar cé ar díobh é Iósaf.

14. Agus chuir Iósaf fios ar a athair Iácób agus ar a dhaoine muinteartha uile chuige, cúig déag agus seasca a líon;

15. agus chuaigh Iácób síos chun na hÉigipte. Agus fuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha,

16. agus tugadh a gcoirpsean ar ais go Secem gur adhlacadh iad sa tuama a bhí ceannaithe ar shuim airgid ó chlann Hamór i Secem.

17. “Ach nuair a bhí an t‑am ag teacht i bhfogas leis an ngealltanas, a dheonaigh Dia d'Abracham, a chomhlíonadh, tháinig méadú agus mórfhás ar an gcine is againne san Eigipt

18. go dtí gur éirigh rí eile san Éigipt nach raibh aithne aige ar Iósaf.

19. D'imir seisean cleas fealltach ar an gcine is againne agus chuir sé d'iallach ar ár sinsir a gclann óg a chaitheamh amach ionas nach mairfidís ina mbeatha.

20. Ba san am sin a tháinig Maois ar an saol, agus é ina leanbh álainn i súile Dé. Agus fuair sé tógáil agus tabhairt suas ar feadh trí mhí i dteach a athar;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7