Tiomna Nua

Gníomhartha 7:19-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. D'imir seisean cleas fealltach ar an gcine is againne agus chuir sé d'iallach ar ár sinsir a gclann óg a chaitheamh amach ionas nach mairfidís ina mbeatha.

20. Ba san am sin a tháinig Maois ar an saol, agus é ina leanbh álainn i súile Dé. Agus fuair sé tógáil agus tabhairt suas ar feadh trí mhí i dteach a athar;

21. agus nuair a caitheadh amach é, ghlac iníon Pharaó leis mar mhac uchta agus thug sí aire mháthar dó.

22. Agus múineadh eagna uile na nÉigipteach do Mhaois, agus ba mhór iad a bhriathra agus a ghníomhartha.

23. “Nuair a bhí sé in aois a dhaichead bliain, tháinig sé ina chroí cuairt a thabhairt ar a bhráithre, ar chlann mhac Iosrael.

24. Agus nuair a chonaic sé an éagóir a rinneadh ar dhuine acu, chosain sé an té a ndearnadh an t‑ansmacht air ag bualadh buille ar an Éigipteach.

25. Shil sé gur thuig a bhráithre go raibh Dia á bhfuascailt lena láimhsean, ach ní raibh an tuiscint sin acu.

26. Agus an lá ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin doíbh nuair a bhí siad in achrann agus thug sé iarraidh ar shíocháin a dhéanamh eatarthu, á rá, ‘A fheara, nach bráithre sibh, cad chuige a ndéanann sibh éagóir ar a chéile?’

27. Ach bhrúigh an fear a rinne an éagóir ar a chomharsa i leataobh é, agus d'fhiafraigh sé de, Cé a chuir thusa mar rialtóir nó mar bhreitheamh os ár gcionn?

28. An bhfuil sé fút mise a mharú mar an tÉigipteach a mharaigh tú inné?’

29. Nuair a chuala Maois an t‑aisfhreagra sin theith sé leis, agus bhí sé ina dheoraí i dtír Mhidian, áit ar ghin sé beirt mhac.

30. “Ansin, nuair a chuaigh daichead bliain thart, nocht an t‑aingeal os a choinne i mbladhaire tine i measc toim i bhfásach Shliabh Shínáí.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 7