Tiomna Nua

Gníomhartha 6:1-10 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Tharla sna laethanta úd nuair a bhíodh na deisceabail ag dul i líonmhaireacht, go mbíodh lucht labhartha na Gréigise ag casaoid ar lucht labhartha na hEabhraise cionn is go ndéantaí leithcheal ar a mbaintreacha siúd sa dáileadh laethúil.

2. Ghair an dáréag ansin ar shlua uile na ndeisceabal chun teacht le chéile agus dúirt siad leo, “Ní cóir dúinne cur suas de sheanmóireacht bhriathar Dé le bheith ag dul ar chúl cuntair.

3. Dá bhri sin, a bhráithre, toghaigí amach asaibh féin seachtar fear a bhfuil clú maith orthu, agus iad lán den Spiorad Naomh agus den eagna go gcuirimid i gceannas an ghnó seo iad.

4. Ach caithfimidne ár ndúthracht leis an urnaí agus le bheith ag ministreacht an bhriathair.”

5. Thaitin an chaint sin leis an slua uile, agus thogh siad Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Procoras, agus Nicánor, agus Tiomón, agus Parménas, agus Nicaláus, a bhí ina phroselíteach as Antíoc.

6. Chuir siad iad siúd ina seasamh os comhair na n‑aspal, agus rinne siad guí agus leag siad a lámha orthu.

7. Agus tháinig fás faoi bhriathar Dé; agus méadaíodh go mór ar líon na ndeisceabal in Iarúsailéim, agus d'umhlaigh mórán de na sagairt don chreideamh.

8. Agus bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht, agus é ag déanamh móriontas agus comharthaí i measc na ndaoine.

9. D'éirigh ansin dream as Sionagóg na Saoirseach (mar tugadh uirthi), agus cuid de mhuintir Chíréne agus Alecsandria, agus daoine as Cilicia agus as an Áise, agus bhí conspóid acu le Stiofán.

10. Ach níor fhéad siad cur in éadan a eagnaíochta agus an Spioraid a bhí sa chaint a labhair sé leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 6