Tiomna Nua

Gníomhartha 5:3-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Ach is é a dúirt Peadar, “A Ananias, cad é mar a líon Sátan do chroí le bréag a dhéanamh leis an Spiorad Naomh agus cuid den airgead a fuair tú ar an talamh a choinneáil siar?

4. Nár leat féin é nuair a bhí sé gan díol? Agus nuair a bhí sé díolta féin, nár cheadmhach duit do rogha rud a dhéanamh leis? Conas a bhí sé de chroí agat a leithéid seo de ghníomh a bheartú? Tá bréag déanta agat ní le duine ach le Dia.”

5. Ni luaithe a chuala Ananias na briathra sin ná thit sé maol marbh. Agus thit móreagla ar ar chuala é.

6. D'éirigh na fir óga agus d'fhill siad taiséadach air agus d'iompair siad amach gur chuir san uaigh é.

7. Chuaigh seal trí huaire thart ansin gur tháinig a bheansan isteach gan fhios a bheith aici faoinar tharla.

8. Agus is é a dúirt Peadar léi, “Inis dom, ar dhíol sibh an talamh ar an oiread sin?” Agus ar sise, “Dhíol agus ar an oiread sin.”

9. Ach dúirt Peadar léi, “Cad chuige a ndeachaigh sibh i gcomhar le chéile le cathú a chur ar Spiorad an Tiarna? B'shiúd cosa lucht adhlactha d'fhir chéile ina seasamh sa doras, agus beidh siad do d'iompar amach freisin.”

10. Ni luaithe sin ráite aige ná thit sí síos ag a chosa agus fuair sí bás. Nuair a tháinig na fir óga isteach fuair siad marbh í, agus d'iompair siad amach í gur chuir san uaigh í le taobh a fir chéile.

11. Agus thit móreagla ar an eaglais uile agus ar ar chuala iomrá ar na nithe sin.

12. Anois is iomaí comhartha agus ionadh a bhíodh á ndéanamh i measc na ndaoine le lámha na n‑aspal. Agus thagaidís uile le chéile i gColúnáid Sholaimh.

13. Ni raibh sé de dhánacht ag aon duine eile dul leo, ach bhí ómós mór ag na daoine dóibh.

14. Agus cuireadh níos mó de lucht an chreidimh leis an Tiarna ná roimhe sin, na sluaite idir fhir agus mhná,

15. sa chruth go mbídís go fiú ag iompar na ndaoine breoite amach faoi na sráideanna, agus á síneadh ansin ar leapacha agus ar shráideoga, mar dhúil is go dtiteadh scáil Pheadair ar chuid acu nuair a thiocfadh sé thart.

16. Chruinnigh na daoine chucu freisin as na bailte móra timpeall Iarúsailéim, ag tabhairt leo na ndaoine a bhí breoite nó a raibh deamhain neamhghlana á gcrá, agus leigheasadh iad uile go léir.

17. Ach d'éirigh an t‑ardsagart agus a lucht leanúna, is é sin, aicme na Sadúcéach, agus iad lán den fhormad,

18. agus ghabh siad na haspail agus chuir siad sa phríosún poiblí iad

19. Ach d'oscail aingeal ón Tiarna doirse an phríosúin san oíche agus thug sé amach as iad, agus dúirt sé leo,

20. “Imigí agus seasaigí amach sa teampall agus labhraígí briathra uile na Beatha seo leis na daoine.”

21. Agus nuair a chuala siad sin, chuaigh siad isteach sa teampall le breacadh an lae agus theagasc siad.Tháinig an t‑ardsagart agus a lucht leanúna ansin gur chruinnigh siad an chomhairle agus seanad uile Iosrael, agus gur chuir siad fios orthu chun an phríosúin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 5