Tiomna Nua

Gníomhartha 5:19-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Ach d'oscail aingeal ón Tiarna doirse an phríosúin san oíche agus thug sé amach as iad, agus dúirt sé leo,

20. “Imigí agus seasaigí amach sa teampall agus labhraígí briathra uile na Beatha seo leis na daoine.”

21. Agus nuair a chuala siad sin, chuaigh siad isteach sa teampall le breacadh an lae agus theagasc siad.Tháinig an t‑ardsagart agus a lucht leanúna ansin gur chruinnigh siad an chomhairle agus seanad uile Iosrael, agus gur chuir siad fios orthu chun an phríosúin.

22. Ach nuair a shroich na hoifigigh an príosún, ní bhfuair siad ansin iad, agus d'fhill siad gur thug an tuairisc seo air,

23. “Fuaireamar an príosún agus é dúnta go daingean faoi ghlas agus na gardaí ina seasamh os comhair na ndoirse, ach nuair a d'osclaíomar é ní bhfuaireamar duine ar bith taobh istigh.”

24. Nuair a chuala ceannfort an teampaill agus na hardsagairt na briathra sin, bhí mearbhall mór orthu, agus gan fhios acu cad é an toradh a bheadh air.

25. Tháinig duine chucu ansin leis an scéal a insint dóibh, “Tá siad ina seasamh sa teampall ag teagasc na ndaoine, na fir a chuir sibhse sa phríosún.”

26. Chuaigh an ceannfort agus na hoifigigh gur thug siad leo iad, ach gan lámh láidir, mar bhí eagla orthu go n‑imreodh na daoine bás orthu le clocha.

27. Thug siad isteach mar sin iad, gur chuir ina seasamh os comhair na comhairle iad. Agus chuir an t‑ardsagart ceist orthu,

28. agus dúirt sé, “D'ordaíomar go dian daoibh gan bheith ag teagasc san ainm sin, agus anois tá Iarúsailéim líonta de bhur dteagasc agaibh agus rún agaibh éiric a bhaint asainn as fuil an fhir sin.”

29. Ach ba é freagra Pheadair agus na n‑aspal, “Caithfimid umhlú do Dhia agus ní do dhaoine.

30. Thóg Dia ár sinsear Íosa, an té ar mharaigh sibh é agus ar chroch sibh ar chrann é.

31. D'ardaigh Dia chun a láimhe deise é, le bheith ina Ardcheannasaí agus ina Shlánaitheoir, leis an aithrí a thabhairt d'Iosrael agus maithiúnas na bpeacaí.

32. Agus táimidne inár bhfinnéithe air sin, agus is finné air freisin an Spiorad Naomh a thug Dia don dream a umhlaíos dó.”

33. Nuair a chuala siad sin chuaigh siad ar buile agus bhí fonn orthu a gcur chun báis.

34. Ach bhí Fairiséach ar an gcomhairle a raibh Gamáliel mar ainm air, a bhí ina mháistir dlí, a raibh meas ag gach aon duine air, agus d'éirigh seisean ina sheasamh gur thug ordú na fir a chur amach go ceann tamaill.

35. Agus ar seisean leo, “A fheara Iosrael, bígí ar bhur n‑aire cad é a dhéanfas sibh leis na fir seo.

36. Mar d'éirigh Téúdas amach tamall ó shin, agus thug sé le fios don saol gurbh fhear mór é, agus d'éirigh tuairim is ceithre chéad fear amach ina chuideachta, ach maraíodh é agus scaipeadh a lucht leanúna agus níor tháinig ní ar bith de.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 5