6. agus Annas an t‑ardsagart agus Caiafas agus Eoin agus Alastair, agus an dream uile a raibh fuil na n‑ardsagart iontu.
7. Chuir siad iad amach ansin ina seasamh i lár an tslua, agus d'fhiafraigh siad díobh, “Cad í an chumhacht nó cad é an t‑ainm a ndearna sibh sin tríothu?”
8. Arsa Peadar leo ansin, agus é lán den Spiorad Naomh, “A rialtóirí na ndaoine agus a sheanóirí,
9. má táimid an lá seo dár gceistiú i dtaobh dea-ghnímh a rinneadh ar chláiríneach, agus i dtaobh na caoi ar leigheasadh é,
10. tugtar le fios daoibhse, agus do mhuintir Iosrael go hiomlán, gur trí ainm Íosa Críost as Nasair, an té ar chéas sibh é agus ar ardaigh Dia ó mhairbh é, gur trídsean atá an fear seo ina sheasamh os bhur gcoinne agus é ina shláinte.
11. Is í sin an chloch dár dhiúltaigh sibhse, a bhí in ainm a bheith in bhur saoir, a ndearnadh cloch an chúinne di.
12. Agus níl an slánú síoraí le fáil in aon duine eile, mar níl aon ainm eile á lua ag na daoine faoi spéartha neimhe a gcaithfimid bheith dár slánú tríd.”
13. Anois nuair a chonaic siad an t‑uchtach a bhí ag Peadar agus ag Eoin, agus nuair a thug siad faoi deara gur daoine gan foghlaim ná léann leabhar iad, bhí iontas orthu; agus d'aithin siad orthu gur choinnigh siad cuideachta le hÍosa.
14. Ach nuair a chonaic siad an fear a leigheasadh ina sheasamh taobh leo, níor fágadh focal acu le rá ina éadan sin.
15. Ach d'ordaigh siad dóibh imeacht i leataobh amach as an gcruinniú agus ghlac siad comhairle le chéile,
16. agus dúradh, “Cad é a dhéanfaimid leis na fir seo? Rinneadh comhartha a mbeidh cuimhne air tríothu, agus is léir sin dá bhfuil ina gcónaí in Iarúsailéim, agus ní féidir linn a bhréagnú.