Tiomna Nua

Gníomhartha 4:18-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Mar sin de, ghlaoigh siad orthu agus d'ordaigh siad go dian dóibh gan labhairt ná teagasc a dhéanamh ar chor ar bith in ainm Íosa.

19. Ach ba é an freagra a thug Peadar agus Eoin orthu, “Más ceart i súile Dé umhlú daoibhse agus bheith easumhal do Dhia, bíodh bhur mbreithiúnas féin agaibh air;

20. ni lúide ní féidir linne gan labhairt faoin méid a chonaiceamar agus a chualamar.”

21. Bhagair siad orthu a thuilleadh, agus lig siad saor ansin iad, ó nach raibh caoi acu le pionós a chur orthu, le heagla roimh na daoine; mar bhídis uile ag moladh Dé faoinar tharla.

22. Mar bhí an fear a ndearnadh an comhartha sin slánaithe air thar daichead bliain d'aois.

23. Nuair a ligeadh saor iad chuaigh siad go dtí a gcairde gur inis dóibh cad é a dúirt na hardsagairt agus na seanóirí leo.

24. Agus nuair a chuala siad sin, d'ardaigh siad uile le chéile a nglórtha le Dia agus ar siad, “A Ard-Tiarna, a Chruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu,

25. a dúirt trí bhéal ár n‑athar Dáibhí, do sheirbhíseach, tríd an Spiorad Naomh,‘Cad chuige a raibh fraoch ar na náisiúin,cad chuige a raibh na ciníocha ag beartú baoise?

26. Bhi ríthe an talaimh á gcóiriú féin chun catha,agus na taoisigh ag cruinniú le chéile,in aghaidh an Tiarna agus in aghaidh a Ungthaigh’—

27. mar is scéal fíor é gur cruinníodh sa chathair seo in aghaidh do naomhsheirbhísigh Íosa, a bhí ungtha agat, Iorua maraon le Pointias Píoláid, agus na Gintlithe agus muintir Iosrael leo,

28. ionas go ndéanfadh siad an ní a bhí i ndán dóibh a dhéanamh, mar a d'ordaigh do lámh agus mar a shocraigh do chomhairle roimh ré.

29. Agus anois, a Thiarna, féach ar a bhfuil á bhagairt acu, agus deonaigh do do sheirbhísigh an briathar a labhairt go lánuchtúil,

30. agus sín amach do lámh san am céanna ag leigheas, agus bíodh comharthaí agus iontais á n‑oibriú trí ainm do naomh-sheirbhísigh Íosa.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4