17. “Agus anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le hain-eolas a rinne sibh é, sibh féin agus bhur rialtóirí.
18. Ach is amhlaidh a d'fhíoraigh Dia an méid a bhí inste aige roimh ré trí bhéal na bhfáithe uile, go bhfulaingeodh a Chríost a pháis.
19. Déanaigí aithrí mar sin, agus tiontaígí arís, ionas go scriostar bhur bpeacaí amach, agus ionas go dtaga uaireanta athnuachain ó láthair Dé,
20. agus ionas go gcuire sé uaidh an Críost atá ceaptha daoibh, is é sin Íosa,
21. a gcaithfidh an neamh a ghlacadh go dtaga an t‑am a gcuirfear i gcrích ar labhair Dia trí bhéal a naomhfháithe ón gcianaimsir.
22. Is é a dúirt Maois, ‘Ardóidh an Tiarna Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d'ardaigh sé mise. Éistfidh sibh leis cibé dá n‑insíonn sé daoibh.
23. Agus is amhlaidh a scriosfar as measc na ndaoine gach uile anam nach n‑éisteann leis an bhfáidh úd.’
24. Agus níl fáidh dár labhair, ó Shamuel agus na fáithe a tháinig ina dhiaidh, nár fhoilsigh faoi na laethanta seo atá ann.
25. Is sibh clann na bhfáithe agus clann an chúnaint a thug Dia do bhur n‑aithreacha, nuair a dúirt sé le hAbracham, ‘Agus beannófar teaghlaigh uile an talaimh i do shliochtsa.’
26. Tá Dia i ndiaidh a sheirbhíseach a thógáil, agus é a chur chugaibh ar dtús, le sibh a bheannú, ag iontú gach duine agaibh óna olc féin.”