Tiomna Nua

Gníomhartha 3:11-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Theann seisean go dlúth le Peadar agus le hEoin, agus lena linn sin rith na daoine uile le chéile chucu sa cholúnáid a ngairtear Colúnáid Sholaimh air, agus iad ag déanamh iontais de.

12. Nuair a chonaic Peadar sin labhair sé mar seo leis na daoine, “A fheara Iosrael, cad chuige ar ionadh libh sin, nó cad chuige daoibh bheith ag cur na súl tríom, ionann agus dá mbeimis i ndiaidh tabhairt ar an bhfear sin siúl lenár gcumhachtaí nó lenár gcráifeacht féin?

13. Is é an Dia a bhíodh ag Abracham agus ag Íosóg agus ag Iácób, Dia ár n‑aithreacha, a thug an ghlóir dá sheirbhíseach Íosa, an té ar chaith sibh uaibh é agus ar shéan sibh é i láthair Phíoláid, nuair a bhí rún aige é a ligean saor.

14. Ach shéan sibh an Té a bhí Fíréan Naofa, agus d'iarr sibh go ndeonófaí dúnmharfóir daoibh,

15. agus mharaigh sibh Ceann urra na beatha, ar thóg Dia ó mhairbh é. Táimidne inár bhfinnéithe air sin.

16. Agus is é a ainmsean, is creideamh ina ainmsean, a neartaigh an fear seo a fheiceas sibh agus a bhfuil aithne agaibh air; agus is é an creideamh a bhíos ann trí Íosa a thug an tsláinte iomlán seo gan easpa don fhear seo i láthair an iomláin agaibh.

17. “Agus anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le hain-eolas a rinne sibh é, sibh féin agus bhur rialtóirí.

18. Ach is amhlaidh a d'fhíoraigh Dia an méid a bhí inste aige roimh ré trí bhéal na bhfáithe uile, go bhfulaingeodh a Chríost a pháis.

19. Déanaigí aithrí mar sin, agus tiontaígí arís, ionas go scriostar bhur bpeacaí amach, agus ionas go dtaga uaireanta athnuachain ó láthair Dé,

20. agus ionas go gcuire sé uaidh an Críost atá ceaptha daoibh, is é sin Íosa,

21. a gcaithfidh an neamh a ghlacadh go dtaga an t‑am a gcuirfear i gcrích ar labhair Dia trí bhéal a naomhfháithe ón gcianaimsir.

22. Is é a dúirt Maois, ‘Ardóidh an Tiarna Dia fáidh daoibh as measc bhur mbráithre mar a d'ardaigh sé mise. Éistfidh sibh leis cibé dá n‑insíonn sé daoibh.

23. Agus is amhlaidh a scriosfar as measc na ndaoine gach uile anam nach n‑éisteann leis an bhfáidh úd.’

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 3