Tiomna Nua

Gníomhartha 3:1-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Anois bhí Peadar agus Eoin ar a mbealach suas chun an teampaill in uair na hurnaí, is é sin sa naoú huair.

2. Agus bhíothas ag iompar fir a bhí ina chláiríneach ó bhroinn, ar ghnách a fhágáil gach lá ag an ngeata sin den teampall a ngairtear an Geata Álainn de, le bheith ag iarraidh déirce ón dream a bhíodh ag dul isteach sa teampall.

3. Nuair a chonaic sé Peadar agus Eoin ar tí dul isteach sa teampall, d'iarr sé déirc orthu.

4. Agus dhírigh Peadar a shúil air, é féin agus Eoin, agus dúirt sé leis, “Amharc orainn.”

5. Agus dhearc sé go grinn orthu, agus súil aige le síneadh éigin láimhe a fháil uathu.

6. Ach arsa Peadar leis, “Níl airgead ná ór agam, ach tugaim duit a bhfuil agam le tabhairt uaim; in ainm Íosa Críost as Nasair, siúl.”

7. Agus rug sé ar a láimh dheas, agus thóg sé den talamh é; agus neartaíodh ar an toirt lena bhíonn agus le cnámha a mhurnán.

8. Agus bhí sé de léim ina sheasamh agus shiúil sé leis isteach sa teampall ina gcuideachta, ag céimiú agus ag léim agus ag moladh Dé.

9. Agus chonaic na daoine uile é ag siúl leis agus ag moladh Dé,

10. agus d'aithin siad gurbh é a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce ag an nGeata Álainn; agus líonadh iad d'iontas agus d'alltacht faoinar tharla dó.

11. Theann seisean go dlúth le Peadar agus le hEoin, agus lena linn sin rith na daoine uile le chéile chucu sa cholúnáid a ngairtear Colúnáid Sholaimh air, agus iad ag déanamh iontais de.

12. Nuair a chonaic Peadar sin labhair sé mar seo leis na daoine, “A fheara Iosrael, cad chuige ar ionadh libh sin, nó cad chuige daoibh bheith ag cur na súl tríom, ionann agus dá mbeimis i ndiaidh tabhairt ar an bhfear sin siúl lenár gcumhachtaí nó lenár gcráifeacht féin?

13. Is é an Dia a bhíodh ag Abracham agus ag Íosóg agus ag Iácób, Dia ár n‑aithreacha, a thug an ghlóir dá sheirbhíseach Íosa, an té ar chaith sibh uaibh é agus ar shéan sibh é i láthair Phíoláid, nuair a bhí rún aige é a ligean saor.

14. Ach shéan sibh an Té a bhí Fíréan Naofa, agus d'iarr sibh go ndeonófaí dúnmharfóir daoibh,

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 3