13. Chuamar thart faoin gcósta gur shroicheamar Regium, agus tar éis aon lae amháin d'éirigh gaoth aneas, agus an dara lá thángamar go Putíolí.
14. Fuaireamar bráithre ansin, a thug cuireadh dúinn fanacht seacht lá acu. As sin thángamar chun na Róimhe.
15. Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as.
16. Agus nuair a thángamar isteach sa Róimh, ceadaíodh do Phól fanacht ina aonar, leis an saighdiúir a bhí á choimeád.
17. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach.
18. Nuair a bhí scrúdú déanta acusan orm, bhí fonn orthu mé a scaoileadh saor ó nach raibh aon bhreith bháis á cur i gcás domsa.
19. Ach nuair a chuir na Giúdaigh ina éadan sin, b'éigean dom achomharc a chur chuig Caesar—cé nach raibh aon chúis agam le lua in éadan mo chine féin.
20. Is dá bhri sin a d'iarr mé cead sibh a fheiceáil agus labhairt libh, ós mar mhaithe le dóchas Iosrael atá mé ceangailte leis an ngeimheal seo.”
21. Agus ar siadsan leis, “Ní bhfuaireamar aon litir ó Iúdaea i do thaobh, agus níor thug aon bhráthair dár tháinig anoir anseo aon tuairisc ná níor labhair siad aon drochfhocal fút.
22. Ach ba mhaith linn tú a nochtadh do thuairimí dúinn; mar is feasach dúinn i dtaobh na seicte seo go mbítear á cáineadh san uile áit.”
23. D'ainmnigh siad lá dó ansin, agus tháinig cuid mhór acu chuige ina lóistín. Agus mhínigh sé an gnó dóibh ó mhaidin go tráthnóna, ag tabhairt fianaise faoi ríocht Dé, agus ag iarraidh an fhírinne faoi Íosa a chur ina luí orthu as dlí Mhaois agus as leabhair na bhfáithe.
24. Agus bhí cuid acu a chreid dá bhriathra, agus cuid nár chreid.
25. Ó nár fhéad siad teacht ar aon intinn, d'imigh siad leo, ach go ndúirt Pól ráiteas amháin leo an chéad uair: “Nár cheart é a dúirt an Spiorad Naomh le bhur sinsir trí bhéal Ísáia fáidh:
26. ‘Gabh chuig an gcine seo agus abair leo,Cluinfidh bhur gcluasa ach ní bheidh tuiscint ag bhur gcroíthe,agus féachfaidh bhur súile ach ní fheicfidh siad.