Tiomna Nua

Gníomhartha 28:11-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. Ráithe ina dhiaidh sin sheolamar linn i long a chuir an geimhreadh thairsti san oileán, soitheach de chuid Alecsandria a raibh an Cúpla páirteach mar dhealbh thosaigh aige.

12. Thángamar i gcaladh i Siracús, gur fhan trí lá ansin.

13. Chuamar thart faoin gcósta gur shroicheamar Regium, agus tar éis aon lae amháin d'éirigh gaoth aneas, agus an dara lá thángamar go Putíolí.

14. Fuaireamar bráithre ansin, a thug cuireadh dúinn fanacht seacht lá acu. As sin thángamar chun na Róimhe.

15. Agus nuair a chuala na bráithre a bhí ansin iomrá orainn, tháinig siad inár n‑airicis chomh fada le Forum Appius agus na Trí Theach Tábhairne. Nuair a chonaic sé chuige iad, thug Pól buíochas do Dhia agus bhain sé méadú misnigh as.

16. Agus nuair a thángamar isteach sa Róimh, ceadaíodh do Phól fanacht ina aonar, leis an saighdiúir a bhí á choimeád.

17. Trí lá ina dhiaidh sin ghlaoigh sé lucht ceannais Ghiúdaigh na háite le chéile; agus nuair a bhí siad cruinn, dúirt sé leo, “A bhráithre, siúd is nach raibh aon ní déanta agam in éadan ár gcine ná nósanna ár sinsear, tugadh mé i mo phríosúnach ó Iarúsailéim i lámha na Rómhánach.

18. Nuair a bhí scrúdú déanta acusan orm, bhí fonn orthu mé a scaoileadh saor ó nach raibh aon bhreith bháis á cur i gcás domsa.

19. Ach nuair a chuir na Giúdaigh ina éadan sin, b'éigean dom achomharc a chur chuig Caesar—cé nach raibh aon chúis agam le lua in éadan mo chine féin.

20. Is dá bhri sin a d'iarr mé cead sibh a fheiceáil agus labhairt libh, ós mar mhaithe le dóchas Iosrael atá mé ceangailte leis an ngeimheal seo.”

21. Agus ar siadsan leis, “Ní bhfuaireamar aon litir ó Iúdaea i do thaobh, agus níor thug aon bhráthair dár tháinig anoir anseo aon tuairisc ná níor labhair siad aon drochfhocal fút.

22. Ach ba mhaith linn tú a nochtadh do thuairimí dúinn; mar is feasach dúinn i dtaobh na seicte seo go mbítear á cáineadh san uile áit.”

23. D'ainmnigh siad lá dó ansin, agus tháinig cuid mhór acu chuige ina lóistín. Agus mhínigh sé an gnó dóibh ó mhaidin go tráthnóna, ag tabhairt fianaise faoi ríocht Dé, agus ag iarraidh an fhírinne faoi Íosa a chur ina luí orthu as dlí Mhaois agus as leabhair na bhfáithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28