Tiomna Nua

Gníomhartha 27:29-43 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

29. Bhi eagla ansin orthu roimh dhul ar na carraigeacha, agus mar sin chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá.

30. Agus nuair a bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalú ón long, agus nuair a bhí an bád curtha ar thonn acu ar scáth ancairí a chur amach ar thosach na loinge,

31. dúirt Pól leis an gceantúir agus leis na saighdiúirí, “Mura bhfanann na fir seo ar an long, ní fhéadfaidh sibh teacht slán as.”

32. Ghearr na saighdiúirí téada an bháid ansin, agus lig siad dó imeacht leis.

33. Go díreach roimh bhreacadh an lae, d'agair Pól orthu uile greim bia a ghlacadh, agus dúirt sé, “Is é seo an ceathrú lá dhéag daoibh nach bhfuil aon ghreim bia blaiste agaibh le tréan imní.

34. Táim ag moladh daoibh mar sin greim bia a chaitheamh anois; cuirfidh sé neart in bhur ngéaga, mar níl sé i ndán d'aon duine agaibh aon ribe dá ghruaig a chailleadh.”

35. Nuair a bhí sin ráite aige, ghlac sé arán, agus thug sé buíochas do Dhia i láthair an iomláin acu agus bhris sé é agus thosaigh ar a ithe.

36. Ghlac siad uile uchtach ansin leis sin, agus d'ith siad féin greim bia.

37. (Bhí iomlán dhá chéad seachtó is sé dhuine ar an long.)

38. Agus nuair a bhí a sá ite acu, chaith siad an chruithneacht amach ar an bhfarraige leis an long a éadromú.

39. Nuair a ghealaigh an lá, níor aithin siad an tír, ach thug siad faoi deara camas a raibh trá ann, agus chuir siad rompu rith cladaigh a thabhairt don long ansin.

40. Mar sin chaith siad amach na hancairí, á bhfágáil ina ndiaidh san fharraige, agus san am céanna scaoil siad na téada a bhí ag ceangal na rámhaí stiúrtha; chroch siad ansin an seol mór don ghaoth agus rinne siad ar an trá.

41. Ach bhuail siad ar oitir agus d'fhág siad an long ina suí ansin; bhí an tosach i ngreim gan corraí as, ach gur stróic na tonnta móra an deireadh as a chéile.

42. Bhi sé faoi na saighdiúirí na príosúnaigh a mharú, ar eagla go n‑éalódh aon duine acu ar an snámh;

43. ach bhí toil ag an gceantúir anam Phóil a tharrtháil orthu, agus níor lig sé dóibh a mbeart a chur i gcrích. D'ordaigh sé don mhéid acu a raibh snámh acu léim a thabhairt amach san fharraige agus an talamh a bhaint amach,

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 27