Tiomna Nua

Gníomhartha 26:21-32 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

21. Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú.

22. Go dtí an lá inniu tá an cuidiú sin agam a thagas ó Dhia, agus seasaim amach mar sin anseo ag tabhairt fianaise d'uasal agus d'íseal, agus gan mé ag rá aon rud ach an méid a dúirt na fáithe agus Maois a thiocfadh i gcrích:

23. go gcaithfeadh an Críost an pháis a fhulaingt, agus go mba é an chéad duine a thiocfadh ar an aiséirí ó mhairbh ag forógradh solais dár gcine agus do na Gintlithe.”

24. Nuair a bhí sé á chosaint féin sna briathra seo, arsa Festus leis de ghlór ard, “A Phóil, an ar buile atá tú; tá do léann iomarcach do do chur ar mearú céille.”

25. Ach arsa Pól, “Níl mé ar buile, a Fhestuis, i gcead do do shoilse, níl á rá agam ach an fhírinne lom.

26. Mar tá fios na nithe seo ag an rí, agus tá mé á rá suas lena bhéal; mar tá mé cinnte nach bhfuil aon phointe acu seo ceilte air, mar ní dhearnadh seo uile i gclúid faoi rún.

27. A Rí Agrippa, an gcreideann tú na fáithe? Tá a fhios agam go gcreideann.”

28. Agus dúirt Agrippa le Pól, “Creideann tú go ndéanfaidh tú Criostaí díom i seal beag!”

29. Agus dúirt Pól, “Is cuma cé acu beag nó mór é, táim ag guí Dé go raibh sibh ní hamháin tú féin ach a bhfuil ag éisteacht liom inniu mar atá mé féin murab iad na geimhle seo.”

30. D'éirigh an rí ansin, agus an t‑uachtarán agus Berníce agus a raibh ina suí ina gcuideachta;

31. agus nuair a bhí an áit fágtha acu, dúirt siad le chéile, “Níl aon ní á dhéanamh ag an bhfear seo a thuilleas bás ná príosúnacht.”

32. Agus arsa Agrippa le Festus, “D'fhéadfaí an fear seo a scaoileadh saor murab é a achomharc ar Chaesar.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 26