Tiomna Nua

Gníomhartha 26:10-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Agus rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim; ní hamháin gur dhún mé mórán de na naoimh i bpríosún agus údarás agam ó na hardsagairt, ach thug mé mo ghuth ina n‑éadan nuair a bhíothas á gcur chun báis.

11. Agus chuir mé pionós orthu sna sionagóga uile agus mé ag iarraidh é a thabhairt orthu diamhasla a dhéanamh; agus le méid an bhuile a bhí orm ina n‑éadan, bhínn á ngéarleanúint go fiú i gcathracha na coigríche.

12. “Mar sin bhí mé ar m'aistear go dtí an Damaisc le barántas agus údarás na n‑ardsagart.

13. I gceartlár an lae, a Rí, chonaic mé agus mé ar mo bhealach solas ó neamh, ba ghile ná an ghrian, ag lonrú i mo thimpeall agus i dtimpeall mo chomhthaistealaithe.

14. Agus nuair a bhíomar uile tite go talamh, chuala mé an glór ag rá liom sa teanga Eabhrach, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéar-leanúint? Is crua duit na sála a bhualadh in aghaidh an bhroid.’

15. Agus d'fhiafraigh mise, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom, ‘Is mise an tÍosa sin a mbíonn tú á ghéarleanúint.

16. Ach éirigh i do sheasamh ar do chosa; mar is chuige sin a thaispeáin mé mé féin duit, le do cheapadh i do sheirbhíseach agus i d'fhinné ar a bhfuil feicthe agat agus ar a mbeidh le feiceáil agat díom,

17. agus mé do do tharrtháil ó do chine féin agus ó na Gintlithe—a bhfuil mé le do chur chucu

18. lena súile a oscailt, ionas go n‑iompaí siad ó dhorchadas chun an tsolais agus as cumhacht Shátain chuig Dia, agus go bhfaighidh siad maithiúnas na bpeacaí agus ionad i measc an dreama a naomhaítear trí chreideamh ionamsa.’

19. “Dá bhrí sin, a Rí Agrippa, ní raibh mé easumhal don aisling neamhaí,

20. ach ag foilsiú do lucht na Damaisce ar dtús, agus ansin in Iarúsailéim agus ar fud thír Iúdaea, agus do na Gintlithe freisin, go ndéanfadh siad aithreachas agus iompú chun Dé agus na dea-oibreacha is dual dá n‑aithreachas.

21. Ar an ábhar sin rug na Giúdaigh orm sa teampall agus thug siad iarraidh ar mo mharú.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 26