Tiomna Nua

Gníomhartha 25:7-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

7. Agus nuair a tháinig sé, sheas na Giúdaigh a tháinig anuas as Iarúsailéim thart timpeall air, agus luaigh siad mórán coireanna troma nár fhéad siad a gcruthú ina aghaidh.

8. Dúirt Pól á chosaint féin, “Níl an choir is lú orm in aghaidh dhlí na nGiúdach, ná in aghaidh an teampaill ná in aghaidh Chaesair.”

9. Ach ó ba mhian le Festus gnaoi na nGiúdach a fháil, d'fhiafraigh sé de Phól, “An bhfuil tú toilteanach le dul suas go hIarúsailéim, go gcuirtear cúirt ort os mo chomhairse i dtaobh na gcúiseanna seo?”

10. Ach is é a dúirt Pol, “Tíim i mo sheas­amh os coinne bhinse Chaesair, agus sin an áit is cóir cúirt a chur orm; tá a dhea-fhios agat féin nach bhfuil aon dochar ná dolaidh déanta agam ar na Giúdaigh.

11. Más coirpeach mé nó má tá aon ní déanta agam a thuilleas bás, níl mé ag iarraidh éalú ón mbás; ach mura bhfuil aon bhun lena gcuireann siad i mo leith, ní fhéadann duine ar bith mé a chur ina lámha. Cuirim m'achomharc ar Chaesar.”

12. D'fhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú d'achomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.”

13. Anois, tamall de laethanta ina dhiaidh sin, tháinig Agrippa an rí agus Berníce go Caesaríá le forbhfáilte roimh Fhestus.

14. Agus ó chaith siad tamall maith de laethanta ann, luaigh Festus cúrsaí Phóil leis an rí, agus ar seisean, “Tá fear ann ar fhág Felix sa phríosún é;

15. agus nuair a bhí mé in Iarúsaléim, rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach scéal air, agus d'iarr siad breithiúnas a thabhairt air.

16. Ba é mo fhreagra nár ghnách leis na Rómhánaigh aon duine a thabhairt uathu go mbíonn faill ag an gcúisí amharc idir dhá shúil ar lucht a gcúisithe, agus faill aige é féin a chosaint ar a gcuirtear ina leith.

17. Mar sin nuair a tháinig siad le chéile anseo ní dhearna mé aon mhoill, ach chuaigh mé i mo shuí ar an mbinse agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt i láthair.

18. Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo;

19. mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 25